7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/176 |
Airteagal 297
(sean-Airteagal 254 CCE)
1. Is iad Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle a shíneoidh na gníomhartha reachtacha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.
Síneoidh Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad na gníomhartha reachtacha a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta speisialta.
Foilseofar na gníomhartha reachtacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a socrófar iontu nó, mura socrófar an dáta, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.
2. Síneoidh Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad na gníomhartha neamhreachtacha a glacadh i bhfoirm rialachán, treoracha agus cinntí, nuair nach sonrófar iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe.
Foilseofar na rialacháin agus na treoracha a bheidh dírithe chuig na Ballstáit ar fad, mar aon leis na cinntí, nuair nach sonrófar iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a socrófar iontu nó, mura socrófar an dáta, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.
Cuirfear treoracha eile, agus cinntí a sonrófar iontu cé chucu a bhfuil siad dírithe, in iúl dóibh siúd chuig a ndíreofar iad agus gabhfaidh éifeacht leo ar iad a chur in iúl amhlaidh.