7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/175


Airteagal 296

(sean-Airteagal 253 CCE)

Nuair nach sonraítear leis an Conarthaí an saghas gnímh atá le glacadh, roghnóidh na hinstitiúidí é de réir an cháis, agus na nósanna imeachta is infheidhme agus prionsabal na comhréireachta á gcomhlíonadh.

Sonrófar sna gníomhartha dlí na réasúin is bun leo agus tagróidh siad do na tograí, na tionscnaimh, na moltaí, na hiarrataí nó na tuairimí is gá de bhun na gConarthaí.

Agus dréachtghníomhartha reachtacha á bplé acu, staonfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ó ghníomhartha a ghlacadh nach bhforáiltear dóibh sa nós imeachta reachtach is ábhartha sa réimse i dtrácht.