7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/172


Airteagal 289

1.   Is éard is gnáthnós imeachta reachtach ann go nglacfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach, ar thogra ón gCoimisiún, rialachán, treoir nó cinneadh. Sainítear an nós imeachta seo in Airteagal 294.

2.   Sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sna Conarthaí, is éard is nós imeachta reachtach speisialta ann go nglacfadh Parlaimint na hEorpa rialachán, treoir nó cinneadh, le rannpháirtíocht ón gComhairle, nó go nglacfadh an Chomhairle rialachán, treoir nó cinneadh, le rannpháirtíocht ó Pharlaimint na hEorpa.

3.   Is éard is gníomhartha reachtacha ann na gníomhartha dlí a glacadh trí nós imeachta reachtach.

4.   Sna cásanna sonracha dá dtagraítear sna Conarthaí, féadfar na gníomhartha reachtacha a ghlacadh ar thionscnamh ó ghrúpa Ballstát nó ó Pharlaimint na hEorpa, ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais nó don Bhanc Eorpach Infheistíochta.