7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/170


Airteagal 287

(sean-Airteagal 248 CCE)

1.   Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais ar ioncam agus caiteachas uile an Aontais. Scrúdóidh sí freisin na cuntais ar ioncam agus caiteachas uile gach comhlachta, gach oifige nó gach gníomhaireachta arna bhunú nó arna bunú ag an Aontas a mhéad nach gcoisceann ionstraim a bhunaithe an scrúdú sin.

Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo agus foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfar an ráiteas sin a fhorlíonadh le measúnú sonrach ar gach mór-réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

2.   Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí scrúdú féachaint an bhfuarthas an t-ioncam uile agus ar tabhaíodh an caiteachas uile ar mhodh dleathach rialta, agus an ndearnadh bainistíocht fhónta ar an airgeadas. Lena linn sin, déanfaidh sí tuarascáil ach go háirithe ar aon chásanna neamhrialtachta.

Iniúchfar an t-ioncam ar bhonn na suimeanna is dlite arna suíomh agus ar bhonn na suimeanna arna n-íoc iarbhír leis an Aontas.

Iniúchfar an caiteachas ar bhonn ceangaltas arna nglacadh ar láimh agus íocaíochtaí arna ndéanamh.

Féadfar an iniúchóireacht sin a dhéanamh roimh dhúnadh na gcuntas don bhliain airgeadais atá i gceist.

3.   Bunófar an iniúchóireacht ar thaifid agus, más gá, déanfar ar an bhfód í in institiúidí eile an Aontais, in áitreabh aon chomhlachta, aon oifige nó aon ghníomhaireachta a dhéanann bainistíocht ar ioncam nó caiteachas thar ceann an Aontais agus sna Ballstáit, lena n-áirítear áitreabh aon duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad. Sna Ballstáit déanfar an iniúchóireacht i gcuibhreann le comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin, leis na ranna náisiúnta inniúla. Comhoibreoidh an Chúirt Iniúchóirí agus comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta na mBallstát de mheon muiníne ach gan a neamhspleáchas a thréigean. Cuirfidh na comhlachtaí, na hoifigí, na gníomhaireachtaí nó na ranna sin i bhfios don Chúirt Iniúchóirí an bhfuil siad chun páirt a ghlacadh san iniúchóireacht.

Déanfaidh institiúidí eile an Aontais, aon chomhlachtaí, aon oifigí nó aon ghníomhaireachtaí a dhéanann bainistíocht ar ioncam nó caiteachas thar ceann an Aontais, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad agus na comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin, na ranna náisiúnta inniúla, aon doiciméad nó faisnéis is gá chun a cúram a chomhlíonadh a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí, arna iarraidh sin di.

I ndáil le gníomhaíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta le linn bainistíocht a dhéanamh ar chaiteachas agus ioncam an Aontais, beidh cearta rochtana na Cúirte ar fhaisnéis arna sealbhú ag an mBanc faoi rialú ag comhaontú idir an Chúirt, an Banc agus an Coimisiún. Cheal comhaontú, beidh rochtain ag an gCúirt áfach ar an bhfaisnéis is gá chun caiteachas agus ioncam de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht an Bhainc a iniúchadh.

4.   Tar éis dheireadh gach bliana airgeadais tarraingeoidh an Chúirt Iniúchóirí suas tuarascáil bhliantúil. Cuirfear ar aghaidh chuig institiúidí eile an Aontais í agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh í, mar aon le freagraí na n-institiúidí sin ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí.

Féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí ina theannta sin, tráth ar bith, a barúlacha, go háirithe i bhfoirm tuarascálacha speisialta, a thíolacadh ar cheisteanna sonracha agus tuairimí a thabhairt arna iarraidh sin do cheann d'institiúidí eile an Aontais.

Glacfaidh sí a cuid tuarascálacha bliantúla, tuarascálacha speisialta nó tuairimí trí thromlach a comhaltaí. Ar a shon sin, féadfaidh sí seomraí inmheánacha a bhunú chun aicmí áirithe tuarascálacha nó tuairimí a ghlacadh faoi na coinníollacha atá leagtha síos ina rialacha nós imeachta.

Beidh sí de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna rialaithe chun an buiséad a chur i ngníomh.

Glacfaidh an Chúirt Iniúchóirí a rialacha nós imeachta. Is gá formheas ón gComhairle a bheith leis na rialacha sin.