7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/165


Airteagal 271

(sean-Airteagal 237 CCE)

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos ina dhiaidh seo, i ndíospóidí a bhaineann le:

(a)

comhall oibleagáidí faoi Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ag na Ballstáit. I dtaca leis sin de, beidh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún in Airteagal 258;

(b)

bearta arna nglacadh ag Bord Ghobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. I dtaca leis sin de, féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún nó Bord Stiúrthóirí an Bhainc imeachtaí a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 263;

(c)

bearta arna nglacadh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Ní bheidh imeachtaí in aghaidh bearta den sórt sin intionscanta ach amháin ag Ballstáit nó ag an gCoimisiún faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 263, agus ar na forais sin amháin nár comhlíonadh an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19(2), (5), (6) agus (7) de Reacht an Bhainc;

(d)

comhall na n-oibleagáidí a thig ó na Conarthaí agus ó Reacht an CEBC agus an BCE ag bainc cheannais náisiúnta. I dtaca leis sin de, beidh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh i leith na mbanc ceannais náisiúnta na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún in Airteagal 258 i leith na mBallstát. Má fhaigheann an Chúirt gur mhainnigh banc ceannais náisiúnta oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhall, cuirfear de cheangal ar an mbanc ceannais náisiúnta sin na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh.