7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/163


Airteagal 265

(sean-Airteagal 232 CCE)

Más rud é, de shárú ar na Conarthaí, go mainneoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Coimisiún nó an Banc Ceannais Eorpach gníomhú, féadfaidh na Ballstáit agus institiúidí eile an Aontais caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun an sárú sin a shuíomh. Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin faoi na coinníollacha céanna maidir le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a mhainníonn gníomhú.

Ní bheidh an chaingean inghlactha ach amháin sa chás inar iarradh i dtosach ar an institiúid, ar an gcomhlacht, ar an oifig nó ar an ngníomhaireacht i dtrácht gníomhú. Más rud é, laistigh de dhá mhí tar éis a iarrtha sin uirthi, go mbeidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht i dtrácht gan a sheasamh nó a seasamh sa chás a shonrú, féadfar an chaingean a thabhairt ar aghaidh laistigh de thréimhse bhreise dhá mhí.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna míreanna roimhe seo, gearán a dhéanamh leis an gCúirt gur mhainnigh ceann d'institiúidí, de chomhlachtaí, d'oifigí nó de ghníomhaireachtaí an Aontais aon ghníomh seachas moladh nó tuairim a dhíriú chun an duine sin.