|
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/161 |
Airteagal 259
(sean-Airteagal 227 CCE)
Aon Bhallstát a mheasfaidh gur mhainnigh Ballstát eile oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhlíonadh, féadfaidh sé an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Sula dtabharfaidh Ballstát caingean in aghaidh Ballstát eile mar gheall ar shárú a líomhnaítear a bheith déanta ar oibleagáid faoi na Conarthaí, tabharfaidh sé an t-ábhar os comhair an Choimisiúin.
Tabharfaidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe tar éis caoi a bheith tugtha do gach Stát dá mbeidh i gceist a chás féin agus a ráiteas ar chás an pháirtí eile a chur faoi bhráid an Choimisiúin ó bhéal agus i scríbhinn.
Mura mbíonn tuairim tugtha ag an gCoimisiún laistigh de thrí mhí ón dáta a tugadh an t-ábhar os a chomhair, ní fhágfaidh easnamh na tuairime sin nach bhféadfar an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte.