7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/158


Airteagal 253

(sean-Airteagal 223 CCE)

Roghnófar Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais ó dhaoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu na cáilíochtaí is gá chun a gceaptha do na hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha faoi seach nó is dlí-eolaithe a n-aithnítear a n-inniúlacht; ceapfaidh Rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile ar feadh téarma sé bliana, tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255.

Athrófar cuid de na Breithiúna agus de na hAbhcóidí Ginearálta i gceann gach trí bliana faoi na coinníollacha atá leagtha amach i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Breithiúnais as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

Féadfar na Breithiúna agus na hAbhcóidí Ginearálta a bheidh ag scor a athcheapadh.

Ceapfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a Cláraitheoir agus leagfaidh sí síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís.

Glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a rialacha nós imeachta. Is gá formheas ón gComhairle a bheith leis na rialacha sin.