7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/156


Airteagal 246

(sean-Airteagal 215 CCE)

Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí nó i gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh feidhmeanna comhalta den Choimisiún ar é d'éirí as oifig nó ar é a scor go héigeantach.

Déanfar folúntas a tharlóidh de bharr éirí as oifig nó scor go héigeantach nó de bharr báis a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta le comhalta nua den náisiúntacht chéanna arna cheapadh ag an gComhairle, de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach sa dara fomhír d'Airteagal 17(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó Uachtarán an Choimisiúin, a chinneadh nach gá an folúntas a líonadh, go háirithe nuair nach bhfuil fágtha ach beagán ama de théarma oifige an chomhalta.

I gcás an tUachtarán d'éirí as oifig, do scor go héigeantach nó d'fháil bháis, déanfar duine a cheapadh ina ionad ar feadh a bhfuil fágtha dá théarma oifige. Is é an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d'Airteagal 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach is infheidhme chun duine a cheapadh in ionad an Uachtaráin.

I gcás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála d'éirí as oifig, do scor go héigeantach nó d'fháil bháis, déanfar duine a cheapadh ina ionad nó ina hionad ar feadh a bhfuil fágtha dá théarma nó dá téarma oifige, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

I gcás na gcomhaltaí uile den Choimisiún do scor, fanfaidh siad i mbun oifige agus leanfaidh siad orthu ag déileáil le gnó reatha go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad, ar feadh a bhfuil fágtha dá dtéarma oifige, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.