7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/155


Airteagal 241

(sean-Airteagal 208 CCE)

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun aon staidéir a mheasann an Chomhairle a bheith fóinteach chun na comhaidhmeanna a ghnóthú, agus aon tograí iomchuí a chur faoina bráid. Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra, cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna.