7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/151


Airteagal 230

(sean-Airteagal 197, an dara mír, an tríú mír agus an ceathrú mír, CCE)

Féadfaidh an Coimisiún a bheith i láthair ag na cruinnithe go léir agus, arna iarraidh sin dó, tabharfar éisteacht dó.

Freagróidh an Coimisiún ó bhéal nó i scríbhinn ceisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó comhaltaí Pharlaimint na hEorpa chuige.

Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle de réir na gcoinníollacha a bheidh leagtha síos i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Eorpaí agus i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.