7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/150


Airteagal 228

(sean-Airteagal 195 CCE)

1.   Cumhachtófar Ombudsman Eorpach, a thoghfaidh Parlaimint na hEorpa, chun gearáin a ghlacadh ó aon saoránach den Aontas nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát maidir le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfeidhmiú a feidhmeanna breithiúnacha di. Scrúdóidh sé nó sí na gearáin sin agus déanfaidh sé nó sí tuarascáil orthu.

I gcomhréir lena dhualgais, cuirfidh an tOmbudsman na fiosrúcháin i gcrích a bhfuil forais faighte aige chucu ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearán a dhéantar leis go díreach nó trí chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, ach amháin má tá nó má bhí na fíorais a líomhnaítear ina n-ábhar d'imeachtaí dlíthiúla. I gcás go suíonn an tOmbudsman go bhfuil drochriarachán i gceist, cuirfidh sé an cás faoi bhráid na hinstitiúide i dtrácht agus beidh trí mhí aici chun a tuairim a thabhairt dó. Ansin díreoidh an tOmbudsman tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an institiúid i dtrácht. Cuirfear an duine a rinne an gearán ar an eolas faoi thoradh na bhfiosrúchán sin.

Tíolacfaidh an tOmbudsman tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa gach bliain ar thorthaí a chuid fiosrúchán.

2.   Toghfar an tOmbudsman tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa go ceann théarma oifige Pharlaimint na hEorpa. Féadfar a théarma oifige a athnuachan.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an tOmbudsman a bhriseadh arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa mura gcomhallfaidh sé a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach.

3.   Beidh an tOmbudsman neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a fheidhmeanna. I gcomhlíonadh a dhualgas dó, ní iarrfaidh sé ná ní ghlacfaidh sé teagaisc ó aon rialtas, ó aon institiúid eile, ó aon chomhlacht eile, ó aon oifig eile nó ó aon ghníomhaireacht eile. Ní cead dó, le linn a théarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach.

4.   Socróidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán ar a tionscnamh féin i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún agus le formheas ón gComhairle, na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta d'fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman.