7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/148


Airteagal 222

1.   Gníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhpháirt le chéile de mheon dlúthpháirtíochta má fhulaingíonn Ballstát ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéantús an duine. Slógfaidh an tAontas na hionstraimí uile dá bhfuil ar láimh aige, lena n-áirítear na hacmhainní míleata arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, chun:

(a)

bagairt na sceimhlitheoireachta ar chríoch na mBallstát a chosc;

institiúidí daonlathacha agus an pobal sibhialta a chosaint ar aon ionsaí sceimhlitheoireachta;

bheith de chúnamh ag Ballstát ar a chríoch arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla i gcás ionsaí sceimhlitheoireachta;

(b)

bheith de chúnamh ag Ballstát ar a chríoch arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla i gcás tubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéantús an duine.

2.   Má fhulaingíonn Ballstát ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéantús an duine, beidh na Ballstáit eile de chúnamh aige arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla. Chuige sin, comhordóidh na Ballstáit le chéile i dtionól na Comhairle.

3.   Saineofar na socruithe maidir leis an Aontas an clásal dlúthpháirtíochta seo a chur chun feidhme le cinneadh a ghlacfaidh an Chomhairle, ar chomhthogra ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Nuair a bheidh impleachtaí cosanta ag an gcinneadh sin, gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 31(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

Chun críocha na míre seo agus gan dochar d'Airteagal 240, beidh de chúnamh ag an gComhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála, le tacaíocht ó na struchtúir arna bhforbairt faoi chuimsiú an chomhbheartais slándála agus cosanta, agus an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 71, tabharfaidh an dá choiste tuairimí comhpháirteacha, más gá.

4.   Déanfaidh an Chomhairle Eorpach measúnú go tráthrialta ar na bagairtí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu ag an Aontas chun a chumasú don Aontas agus do na Ballstáit gníomhú go héifeachtúil.