7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/138


Airteagal 201

(sean-Airteagal 185 CCE)

I gcás na dleachtanna is inchurtha ar earraí ó thríú tír, ar a dteacht isteach i dtír nó i gcríoch, a bheith ar leibhéal ar cosúil dó, nuair a chuirtear forálacha Airteagal 200(1) chun feidhme, trádáil a shraonadh chun dochair d'aon Bhallstát, féadfaidh an Stát sin a iarraidh ar an gCoimisiún na bearta is gá mar leigheas ar an gcor sin a mholadh do na Ballstáit eile.