7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/134


Airteagal 194

1.   I gcomhthéacs bhunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus ag féachaint don ghá atá ann an comhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú, beidh sé d'aidhm ag beartas an Aontais maidir le fuinneamh, de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit:

(a)

oibriú an mhargaidh fuinnimh a áirithiú;

(b)

slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas a áirithiú;

(c)

an tíosacht agus an bharainn ar an bhfuinneamh a chur chun cinn mar aon le forbairt foirmeacha nua, inathnuaite fuinnimh; agus

(d)

idirnascadh na ngréasán fuinnimh a chur chun cinn.

2.   Gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha eile na gConarthaí, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú. Glacfar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún.

Ní dhéanfaidh na bearta sin difear don cheart atá ag Ballstát na coinníollacha a chinneadh maidir lena acmhainní fuinnimh a shaothrú, dá rogha idir fhoinsí éagsúla fuinnimh agus do struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh, gan dochar d'Airteagal 192(2)(c).

3.   De mhaolú ar mhír 2, bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na bearta dá dtagraítear sa mhír sin nuair is bearta de chineál fioscach go príomha iad.