7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/133


Airteagal 192

(sean-Airteagal 175 CCE)

1.   Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, an ghníomhaíocht a ghabhfaidh an tAontas ar láimh chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 191 a ghnóthú.

2.   De mhaolú ar an nós imeachta cinnteoireachta dá bhforáiltear i mír 1 agus gan dochar d'Airteagal 114, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún:

(a)

forálacha atá de chineál fioscach go príomha;

(b)

bearta a dhéanann difear:

do bhearta maidir le pleanáil bhaile agus tuaithe;

do bhainisteoireacht chainníochtúil ar acmhainní uisce nó a dhéanann difear go díreach nó go hindíreach do na hacmhainní sin a bheith ar fáil;

d'úsáid talún seachas bainisteoireacht dramhaíola;

(c)

bearta a dhéanann difear suntasach do rogha Bhallstáit idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, an gnáthnós imeachta reachtach a dhéanamh infheidhme maidir leis na hábhair dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

3.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, cláir ghníomhaíochta ghinearálta a shocraíonn na cuspóirí tosaíochta a bheidh le gnóthú.

Glacfar na bearta is gá chun na cláir sin a chur chun feidhme, faoi théarmaí mhír 1 nó mhír 2, de réir mar a bheidh.

4.   Gan dochar do bhearta áirithe arna nglacadh ag an Aontas, déanfaidh na Ballstáit an beartas comhshaoil a mhaoiniú agus a chur i gcrích.

5.   Gan dochar don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, i gcás go mbéarfaidh beart arna bhunú ar fhorálacha mhír 1 costais a mheastar is díréireach d'údaráis phoiblí Ballstáit, forálfar leis an mbeart sin d'fhorálacha iomchuí amhail:

maoluithe sealadacha agus/nó

tacaíocht airgeadais ón gCiste Comhtháthaithe arna chur ar bun de bhun fhorálacha Airteagal 177.