7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/131


Airteagal 186

(sean-Airteagal 170 CCE)

Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme aige, féadfaidh an tAontas foráil do chomhar maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh Aontais le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Féadfaidh rialacha mionsonraithe an chomhair sin a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.