7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/125


Airteagal 171

(sean-Airteagal 155 CCE)

1.   D'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 170 a ghnóthú:

bunóidh an tAontas sraith treoirlínte a fholaíonn cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse na ngréasán tras-Eorpach; sonróidh na treoirlínte sin tionscadail leasa choitinn;

cuirfidh an tAontas chun feidhme gach gníomhaíocht a mheastar is gá chun idirinoibritheacht na ngréasán a áirithiú, go háirithe i réimse chomhchuibhiú na gcaighdeán teicniúil;

féadfaidh an tAontas tacú le tionscadail chomhleasa lena dtacaíonn na Ballstáit agus a shonraítear faoi chuimsiú na dtreoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhleasc, go háirithe trí bhíthin staidéir indéantachta, ráthaíochtaí iasachta nó fóirdheontas úis; féadfaidh an tAontas rannchuidiú freisin tríd an gCiste Comhtháthaithe arna chur ar bun de bhun fhorálacha Airteagal 177 le maoiniú tionscadal sonrach i mBallstáit i réimse bonneagar iompair.

Tabharfaidh gníomhaíocht an Aontais aird ar inmharthanacht eacnamaíoch acmhainneach na dtionscadal.

2.   Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar bheartais a shaothrófar ar leibhéal náisiúnta a bhféadfaidh éifeacht shonraíoch a bheith acu ar ghnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 170. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomharaíocht leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh.

3.   Féadfaidh an tAontas a chinneadh comhoibriú le tríú tíortha chun tionscadail leasa choitinn a chur ar aghaidh agus idirinoibritheacht na ngréasán a áirithiú.