7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/117 |
Airteagal 156
(sean-Airteagal 140 CCE)
Chun cuspóirí Airteagal 151 a ghnóthú agus gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, cothóidh an Coimisiún comhar idir na Ballstáit agus déanfaidh sé comhordú a ngníomhaíochta a éascú i réimsí uile an bheartais shóisialta faoin gcaibidil seo, go háirithe i gcúrsaí a bhaineann leis na nithe seo:
— |
fostaíocht; |
— |
dlí an tsaothair agus dálaí oibre; |
— |
gairmoiliúint bhunchéime agus ardchéime; |
— |
slándáil shóisialta; |
— |
tionóiscí agus galair cheirde a chosc; |
— |
sláinteachas ceirde; |
— |
an ceart chun dul i gcomhlachas, agus cómhargáil idir fostóirí agus oibrithe. |
Chun na críche sin, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit trí staidéir a dhéanamh, tuairimí a thabhairt agus comhairliúcháin a shocrú i dtaobh fadhbanna a thagann chun cinn ar leibhéal náisiúnta agus fadhbanna is ábhar cúraim d'eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.
Sula dtabharfaidh an Coimisiún na tuairimí dá bhforáiltear san Airteagal seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.