7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/113


Airteagal 150

(sean-Airteagal 130 CCE)

Bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, Coiste Fostaíochta le stádas comhairleach chun comhordú idir na Ballstáit maidir le beartais fostaíochta agus mhargadh an tsaothair a chur ar aghaidh. Is iad cúraimí an Choiste:

faireachán a dhéanamh ar staid na fostaíochta agus ar na beartais fostaíochta sna Ballstáit agus san Aontas;

gan dochar d'Airteagal 240, tuairimí a fhoirmiú, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, agus rannchuidiú le hullmhú imeachtaí na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal 148.

Agus a shainordú á chomhall aige, rachaidh an Coiste i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ceapfaidh gach Ballstát dhá chomhalta den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún dhá chomhalta den Choiste.