7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/112


Airteagal 146

(sean-Airteagal 126 CCE)

1.   Rannchuideoidh na Ballstáit, trína mbeartais fostaíochta, le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 145 ar dhóigh is comhchuí le mórthreoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 121(2).

2.   Measfaidh na Ballstáit, ag féachaint do chleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí na gcomhpháirtithe sóisialta, gur ábhar comhleasa fostaíocht a chur ar aghaidh agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíocht ina leith i dtionól na Comhairle, i gcomhréir le forálacha Airteagal 148.