7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/107


Airteagal 139

1.   "Ballstáit a bhfuil maolú acu" a ghairfear anseo feasta de na Ballstáit nach bhfuil cinnte ag an gComhairle ina leith go gcomhallann siad na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh.

2.   Ní bheidh na forálacha seo a leanas de na Conarthaí infheidhme maidir le Ballstáit a bhfuil maolú acu:

(a)

glacadh na gcodanna sin de na mór-threoirlínte beartais eacnamaíoch a bhaineann leis an limistéar euro i gcoitinne (Airteagal 121(2));

(b)

meáin chomhéigneacha chun easnaimh iomarcacha a leigheas (Airteagal 126(9) agus (11));

(c)

cuspóirí an CEBC agus na cúraimí atá air (Airteagal 127(1) go (3) agus (5));

(d)

eisiúint an euro (Airteagal 128);

(e)

gníomhartha ón mBanc Ceannais Eorpach (Airteagal 132);

(f)

bearta a rialaíonn úsáid an euro (Airteagal 133);

(g)

comhaontuithe airgeadaíochta agus bearta eile a bhaineann leis an mbeartas ráta malairte (Airteagal 219);

(h)

ceapachán chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh (Airteagal 283(2));

(i)

cinntí lena mbunófar comhsheasaimh ar cheisteanna atá fíor-ábhartha don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta laistigh de na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais inniúla agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla (Airteagal 138(1));

(j)

bearta chun ionadaíocht aontaithe laistigh de na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais a áirithiú (Airteagal 138(2)).

Dá bhrí sin, sna hAirteagail dá dtagraítear i bpointí (a) go (j), ciallaíonn "Ballstáit" na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

3.   Faoi Chaibidil IX de Reacht an CEBC agus an BCE, tá Ballstáit a bhfuil maolú acu agus a mbainc cheannais náisiúnta eisiata ó na cearta agus ó na hoibleagáidí faoi chuimsiú an CEBC.

4.   Déanfar cearta vótála chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil maolú acu a fhionraí nuair a bheidh na bearta dá dtagraítear sna hAirteagail a liostaítear i mír 2 á nglacadh ag an gComhairle, agus sna cásanna seo a leanas:

(a)

moltaí arna gcur faoi bhráid na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu faoi chuimsiú an fhaireacháin iltaobhaigh, lena n-áirítear moltaí ar chláir chobhsaíochta agus foláirimh (Airteagal 121(4));

(b)

bearta i dtaca le heasnaimh iomarcacha a bhaineann leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu (Airteagal 126(6), (7), (8), (12) agus (13)).

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).