7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/104


Airteagal 132

(sean-Airteagal 110 CCE)

1.   D'fhonn na cúraimí a chuirtear de chúram ar CEBC a chomhlíonadh, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos i Reacht an CEBC agus an BCE:

rialacháin a dhéanamh a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe sa chéad fhleasc d'Airteagal 3.1, in Airteagail 19.1, 22 nó 25.2 de Reacht an CEBC agus an BCE a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos i ngníomhartha na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal 129(4);

cinntí a ghlacadh is gá chun na cúraimí a chuirtear de chúram ar CEBC faoi na Conarthaí agus faoi Reacht an CEBC agus an BCE a chomhlíonadh;

moltaí agus tuairimí a thabhairt.

2.   Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a chinneadh a chinntí, a mholtaí agus a thuairimí a fhoilsiú.

3.   Faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 129(4), beidh an Banc Ceannais Eorpach i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina rialacháin agus faoina chinntí.