7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/103


Airteagal 129

(sean-Airteagal 107 CCE)

1.   Is iad comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, arb iad an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin, a rialóidh CEBC.

2.   Tá Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, dá ngairtear anseo feasta "Reacht an CEBC agus an BCE", leagtha síos i bPrótacal atá i gceangal leis na Conarthaí.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, leasú a dhéanamh ar Airteagail 5.1, 5.2, 5.3, 17, 18, 19.1, 22, 23, 24, 26, 32.2, 32.3, 32.4, 32.6, 33.1(a) agus 36 de Reacht an CEBC agus an BCE. Gníomhóidh siad ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, nó ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

4.   Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 4, 5.4, 19.2, 20, 28.1, 29.2, 30.4 agus 34.3 de Reacht an CEBC agus an BCE a ghlacadh.