7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/99


Airteagal 126

(sean-Airteagal 104 CCE)

1.   Seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairt an choir bhuiséadaigh agus ar stoc an fhiachais rialtais sna Ballstáit d'fhonn ollearráidí a shainaithint. Scrúdóidh sé ach go háirithe comhlíonadh smachta bhuiséadaigh ar bhonn an dá chritéar seo a leanas:

(a)

an dtéann an cóimheas idir an t-easnamh rialtais pleanáilte nó iarbhír agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha:

mura bhfuil an cóimheas tar éis ísliú go suntasach leanúnach agus mura bhfuil sé tar éis leibhéal a shroicheadh atá gar don luach tagartha;

nó, ina mhalairt de chás, mura bhfuil an farasbarr thar an luach tagartha eisceachtúil agus sealadach amháin agus mura bhfanann an cóimheas gar don luach tagartha;

(b)

an dtéann an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha, mura bhfuil an cóimheas ag laghdú a dhóthain agus ag druidim ar luas sásúil leis an luach tagartha.

Sonraítear na luachanna tagartha sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis na Conarthaí.

3.   Mura ndéanann Ballstát na ceanglais faoi cheann amháin de na critéir sin nó faoin dá cheann a chomhall, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil. Cuirfear san áireamh freisin i dtuarascáil an Choimisiúin an dtéann an t-easnamh rialtais thar chaiteachas infheistíochta rialtais maille le gach toisc ábhartha eile lena n-áirítear cor eacnamaíoch agus buiséadach meántéarmach an Bhallstáit.

Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú freisin má tá sé den tuairim, d'ainneoin chomhall na gceanglas faoi na critéir, go bhfuil baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát.

4.   Foirmeoidh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais tuairim ar thuarascáil an Choimisiúin.

5.   Má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach nó baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát, déanfaidh sé tuairim a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas.

6.   Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis aon bharúlacha a chur san áireamh is mian leis an mBallstát i dtrácht a chur faoina bráid, a chinneadh tar éis measúnú foriomlán an bhfuil easnamh iomarcach ann.

7.   Má chinneann an Chomhairle de réir mhír 6 go bhfuil easnamh iomarcach ann, glacfaidh sí, gan mhoill mhíchuí, ar mholadh ón gCoimisiún, na moltaí arna ndíriú chuig an mBallstát i dtrácht chun deireadh a chur leis an staid sin laistigh de thréimhse a thugtar. Faoi réir fhorálacha mhír 8, ní dhéanfar na moltaí sin a phoibliú.

8.   Má shuíonn an Chomhairle nach bhfuil aon ghníomhaíocht éifeachtach déanta mar fhreagra ar a moltaí laistigh den tréimhse fhorordaithe, féadfaidh sí a moltaí a phoibliú.

9.   Má leanann Ballstát de bheith ag mainneachtain na moltaí ón gComhairle a chur i ngníomh, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh foláireamh a thabhairt don Bhallstát bearta a ghlacadh laistigh de thréimhse shonraithe chun an laghdú easnaimh a bhaint amach a mheasann an Chomhairle a bheith riachtanach chun an cor a leigheas.

Féadfaidh an Chomhairle, i gcás den sórt sin, a iarraidh ar an mBallstát i dtrácht tuarascálacha a chur chuici de réir tráthchlár sonrach chun iarrachtaí coigeartaithe an Bhallstáit sin a scrúdú.

10.   Ní fhéadfar na cearta chun caingne a thionscnamh, dá bhforáiltear in Airteagail 258 agus 259, a fheidhmiú faoi chuimsiú mhíreanna 1 go 9 den Airteagal seo.

11.   Fad nach gcomhlíonann Ballstát cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le mír 9, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh beart nó bearta de na cinn seo a leanas a chur chun feidhme nó, de réir mar a bheidh, a threisiú:

a cheangal ar an mBallstát i dtrácht tuilleadh faisnéise, a shonróidh an Chomhairle, a fhoilsiú sula n-eiseoidh sé bannaí agus urrúis;

a iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta a bheartas a athbhreithniú maidir le hiasachtaí a thabhairt don Bhallstát i dtrácht;

a cheangal ar an mBallstát i dtrácht taisce neamhúsmhar de mhéid iomchuí a dhéanamh leis an Aontas go dtí go measfaidh an Chomhairle go bhfuil an t-easnamh iomarcach ceartaithe;

fíneálacha iomchuí a ghearradh.

Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na cinntí a glacadh.

12.   Déanfaidh an Chomhairle cuid dá cinntí nó a cinntí uile nó cuid dá moltaí nó a moltaí uile dá dtagraítear i míreanna 6 go 9 agus 11 a aisghairm a mhéad atá an t-easnamh iomarcach sa Bhallstát i dtrácht ceartaithe, dar léi. Má tá moltaí poiblí déanta ag an gComhairle roimhe sin, déanfaidh sí, a luaithe a aisghairfear an cinneadh faoi mhír 8, ráiteas poiblí nach bhfuil easnamh iomarcach ann a thuilleadh sa Bhallstát i dtrácht.

13.   Agus na cinntí nó na moltaí dá dtagraítear i míreanna 8, 9, 11 agus 12 á nglacadh aici, gníomhóidh an Chomhairle ar mholadh ón gCoimisiún.

Agus bearta dá dtagraítear i míreanna 6 go 9, i mír 11 agus i mír 12 á nglacadh aici, gníomhóidh sí gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn don Bhallstát i dtrácht a chur san áireamh.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

14.   Tá a thuilleadh forálacha maidir le cur chun feidhme an nós imeachta atá tuairiscithe san Airteagal seo leagtha amach sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis na Conarthaí.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, na forálacha iomchuí a ghlacadh a chuirfear in ionad an Phrótacail sin.

Faoi réir fhorálacha eile na míre seo, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, rialacha mionsonraithe agus sainmhínithe a leagan síos chun forálacha an Phrótacail sin a chur chun feidhme.