7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/99


Airteagal 123

(sean-Airteagal 101 CCE)

1.   Toirmiscfear ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar bhainc cheannais na mBallstát (dá ngairtear "bainc cheannais náisiúnta" anseo feasta) saoráidí rótharraingtí nó aon saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile a thabhairt i bhfabhar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais, Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú ag an dlí poiblí nó gnóthas poiblí sna Ballstáit, agus toirmiscfear freisin ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar bhainc cheannais náisiúnta ionstraimí fiachais a cheannach go díreach uathu.

2.   Ní bheidh forálacha mhír 1 infheidhme ar institiúidí creidmheasa ar úinéireacht phoiblí ar a gcuirfidh bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhthéacs soláthar cúlchistí ó bhainc cheannais, an chóir chéanna a chuirtear ar institiúidí creidmheasa príobháideacha.