7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/95


Airteagal 116

(sean-Airteagal 96 CCE)

Má fhaigheann an Coimisiún go bhfuil difríocht idir na forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin i mBallstáit atá ag saobhadh na gcoinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach agus gur gá an saobhadh dá dheasca sin a dhíchur, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit atá i gceist.

Mura dtiocfaidh as an dáil chomhairle sin comhaontú trína ndíchuirfear an saobhadh áirithe, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na treoracha is gá a eisiúint. Féadfar gach beart iomchuí eile dá bhforáiltear sna Conarthaí a ghlacadh.