7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/85


Airteagal 91

(sean-Airteagal 71 CCE)

1.   D'fhonn Airteagal 90 a chur chun feidhme agus ag cur sainghnéithe an iompair san áireamh, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún:

(a)

comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go críoch Bhallstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó;

(b)

na coinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí nach bhfuil cónaí orthu ann seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát;

(c)

na bearta ar mhaithe le feabhas a thabhairt ar shábháilteacht an iompair;

(d)

aon fhorálacha eile is fóinteach.

2.   Agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, cuirfear san áireamh na cásanna sin ina bhféadfadh a gcur i bhfeidhm éifeacht thromchúiseach a bheith aige ar an gcaighdeán maireachtála agus ar leibhéal na fostaíochta i réigiúin áirithe, agus ar oibriú saoráidí iompair.