|
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/77 |
Airteagal 79
(sean-Airteagal 63(3) agus (4) CCE)
1. Déanfaidh an tAontas comhbheartas inimirce a fhorbairt arb é is aidhm dó a áirithiú ag gach céim go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar rabhartaí inimirce, go gcuirfear cóir chothrom ar náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí dlíthiúil acu i mBallstáit, go ndéanfar an inimirce neamhdhlíthiúil agus an gháinneáil ar dhaoine a chosc agus bearta feabhsaithe a ghlacadh chun iad sin a chomhrac.
2. Chun críocha mhír 1, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta sna réimsí seo a leanas:
|
(a) |
coinníollacha teacht isteach agus cónaithe agus caighdeáin maidir le Ballstáit d'eisiúint víosaí fadtéarmacha agus ceadanna cónaithe, lena n-áirítear víosaí a eisítear chun teaghlaigh a athaontú; |
|
(b) |
cearta náisiúnach tríú tíortha a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát a shainiú, lena n-áirítear na coinníollacha lena rialaítear an tsaoirse gluaiseachta agus cónaithe i mBallstáit eile; |
|
(c) |
inimirce neamhdhlíthiúil agus cónaí neamhúdaraithe, lena n-áirítear daoine a chónaíonn gan údarú a aistriú agus a aisdúichiú; |
|
(d) |
an gháinneáil ar dhaoine, go háirithe an gháinneáil ar mhná agus ar leanaí, a chomhrac. |
3. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a ligean ar ais ina dtír bhunaidh nó thionscnaimh mura gcomhallfaidh siad nó mura gcomhallfaidh siad a thuilleadh na coinníollacha maidir le teacht isteach i gcríoch ceann de na Ballstáit, maidir le bheith ar an gcríoch sin nó maidir le cónaí ann.
4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhunú chun dreasachtaí agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht Ballstát d'fhonn lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha a chónaíonn go dlíthiúil ar a gcríocha a chur chun cinn, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.
5. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do cheart na mBallstát líon na náisiúnach tríú tíortha a shocrú a thig as tríú tíortha isteach ar a gcríocha ar thóir oibre, bíodh siad fostaithe nó féinfhostaithe.