7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/76


Airteagal 78

(sean-Airteagail 63(1) agus (2), agus 64(2) CCE)

1.   Déanfaidh an tAontas comhbheartas a fhorbairt maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach d'fhonn stádas iomchuí a thairiscint do náisiúnach aon tríú tír a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uaidh agus chun comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement a áirithiú. Caithfidh an beartas sin a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus le Prótacal an 31 Eanáir 1967 maidir le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir le conarthaí ábhartha eile.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh a bhaineann le córas Eorpach tearmainn a chuimseoidh na nithe seo a leanas:

(a)

stádas aonfhoirmeach tearmainn do náisiúnaigh tríú tíortha, a bheidh bailí ar fud an Aontais;

(b)

stádas aonfhoirmeach cosanta coimhdí do náisiúnaigh tríú tíortha nach bhfaigheann tearmann Eorpach ach a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu;

(c)

comhchóras cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe má bhíonn rabharta mór ann de dhaoine as tír isteach;

(d)

comhnósanna imeachta chun stádas aonfhoirmeach tearmainn nó stádas aonfhoirmeach cosanta coimhdí a dheonú agus a tharraingt siar;

(e)

critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach a scrúdú;

(f)

caighdeáin maidir leis na coinníollacha a bhaineann le hiarratasóirí ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach a ghlacadh;

(g)

comhpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha chun bainistiú a dhéanamh ar rabhartaí daoine as tír isteach atá ag déanamh iarratas ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach nó shealadach.

3.   I gcás Ballstát amháin nó níos mó a bheith i láthair staid éigeandála arb é a príomhthréith rabharta tobann de náisiúnaigh tríú tíortha as tír isteach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta sealadacha a ghlacadh ar mhaithe leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.