7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/75


Airteagal 75

(sean-Airteagal 60 CCE)

Nuair is gá sin chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 67 a ghnóthú, a mhéid a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí gaolmhara a chosc agus a chomhrac, saineoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, creat do bhearta riaracháin maidir le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí amhail cistí, sócmhainní airgeadais nó gnóthachain eacnamaíocha a reo ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le grúpaí nó le heintitis neamhstáit iad nó atá ina seilbh nó ar teachtadh acu.

Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta chun an creat dá dtagraítear sa chéad mhír a chur chun feidhme.

Beidh sna gníomhartha dá dtagraítear san Airteagal seo na forálacha is gá maidir le coimircí dlíthiúla.