7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/74


Airteagal 71

(sean-Airteagal 36 CAE)

Cuirfear buanchoiste ar bun laistigh den Chomhairle chun a áirithiú go ndéanfar an comhar oibríochtúil maidir leis an tslándáil inmheánach a chur chun cinn agus a neartú san Aontas. Gan dochar d'Airteagal 240, éascóidh sé an comhordú ar ghníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát. Féadfaidh ionadaithe do na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí Aontais lena mbaineann a bheith rannpháirteach in imeachtaí an choiste sin. Coinneofar Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoi na himeachtaí.