7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/74


Airteagal 70

Gan dochar d'Airteagail 258, 259 agus 260, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta a ghlacadh lena mbunófar na socruithe ar dá réir a dhéanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, meastóireacht oibiachtúil neamhchlaonta ar chur chun feidhme bheartais an Aontais dá dtagraítear sa Teideal seo ag údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe chun lánchur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a éascú. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoina bhfuil sa mheastóireacht agus faoina torthaí.