7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/70


Airteagal 57

(sean-Airteagal 50 CCE)

Measfar gur "seirbhísí" de réir bhrí na gConarthaí seirbhísí a thugtar de ghnáth ar luach saothair, sa mhéid nach bhfuil siad faoi réir na bhforálacha a bhaineann le saorghluaiseacht earraí, caipitil agus daoine.

Áireofar go háirithe gur "seirbhísí":

(a)

gníomhaíochtaí de chineál tionsclaíoch;

(b)

gníomhaíochtaí de chineál tráchtálach;

(c)

gníomhaíochtaí aos ceirde;

(d)

gníomhaíochtaí aos gairme.

Gan dochar d'fhorálacha na Caibidle a bhaineann leis an gceart bunaíochta, féadfaidh soláthróir seirbhíse, chun go bhféadfaidh sé an tseirbhís a sholáthar, a ghníomhaíocht a shaothrú go sealadach sa Bhallstát ina soláthraítear an tseirbhís, faoi choinníollacha mar a chuireann an Stát sin ar a náisiúnaigh féin.