7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/69


Airteagal 52

(sean-Airteagal 46 CCE)

1.   Ní rachaidh forálacha na Caibidle seo, agus bearta dá mbun, chun dochair d'infheidhmeacht forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin lena bhforáiltear cóir speisialta do náisiúnaigh choigríche ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí.

2.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, treoracha a eisiúint chun na forálacha réamhluaite a chomhordú.