7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/68 |
Airteagal 51
(sean-Airteagal 45 CCE)
Ní bhainfidh forálacha na Caibidle seo, i gcás aon Bhallstát áirithe, le gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu sa Stát sin, fiú go hócáideach, le hoibriú údaráis oifigiúil.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, a rialú nach mbainfidh forálacha na Caibidle seo le gníomhaíochtaí áirithe.