7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/67


Airteagal 49

(sean-Airteagal 43 CCE)

Faoi chuimsiú na bhforálacha atá leagtha amach thíos, toirmiscfear srianta ar shaoirse bhunaíochta náisiúnaigh de chuid Ballstáit i gcríoch Bhallstáit eile. Bainfidh an toirmeasc sin freisin le srianta ar ghníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun ag náisiúnaigh d'aon Bhallstát atá bunaithe i gcríoch aon Bhallstáit.

Folóidh saoirse bhunaíochta an ceart chun gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar oibrithe ar a gconlán féin, chun gnóthais a chur ar bun agus a bhainistiú, go háirithe cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí Airteagal 54, an dara mír, faoi na coinníollacha atá leagtha síos dá náisiúnaigh féin le dlí na tíre ina bhfuil suíomh na bunaíochta sin, faoi réir fhorálacha na Caibidle a bhaineann le caipiteal.