7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/62


Airteagal 38

(sean-Airteagal 32 CCE)

1.   Déanfaidh an tAontas comhbheartas talmhaíochta agus iascaigh a shainiú agus a sheoladh.

Sroichfidh an margadh inmheánach chun na talmhaíochta, chun an iascaigh agus chun na trádála i dtáirgí talmhaíochta. Ciallaíonn "táirgí talmhaíochta" torthaí na talún, na tógála stoic agus na hiascaireachta, agus táirgí próiseála céadchéime a bhaineann go díreach leis na torthaí sin. Tuigfear, i gcás tagairtí don chomhbheartas talmhaíochta nó don talmhaíocht agus i gcás úsáid an téarma "talmhaíocht" go bhfuiltear ag tagairt freisin don iascach, ag féachaint do shainairíonna sonracha na hearnála sin.

2.   Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt in Airteagail 39 go 44, bainfidh na rialacha atá leagtha síos do bhunú agus d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le táirgí talmhaíochta.

3.   Tá liosta in Iarscríbhinn I de na táirgí lena mbaineann forálacha Airteagail 39 go 44.

4.   I dteannta an margadh inmheánach do tháirgí talmhaíochta a oibriú agus a fhorbairt ní foláir comhbheartas talmhaíochta a bhunú.