7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/60


Airteagal 32

(sean-Airteagal 27 CCE)

Chun na cúraimí a chuirtear air faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh, beidh mar stiúir ag an gCoimisiún:

(a)

a riachtanaí atá sé an trádáil idir na Ballstáit agus tríú tíortha a chur chun cinn;

(b)

forbairtí i gcoinníollacha iomaíochta laistigh den Aontas sa mhéid go dtugann siad feabhsú ar chumas iomaíochta gnóthas;

(c)

riachtanais an Aontais maidir le soláthar amhábhar agus earraí leathchríochnaithe; i ndáil leis sin de féachfaidh an Coimisiún chuige nach saobhfar coinníollacha iomaíochta idir na Ballstáit i gcás earraí críochnaithe;

(d)

a riachtanaí atá sé suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagair na mBallstát a sheachaint agus a áirithiú go dtiocfaidh forbairt réasúnach faoin táirgeadh agus forleathnú ar úsáid earraí san Aontas.