7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/56 |
Airteagal 20
(sean-Airteagal 17 CCE)
1. Tionscnaítear leis seo saoránacht den Aontas. Is saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige. Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad.
2. Beidh ag saoránaigh an Aontais na cearta dá bhforáiltear sna Conarthaí, agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear iontu. Beidh acu, inter alia:
(a) |
an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát; |
(b) |
an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin; |
(c) |
an ceart chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tír nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnaigh de iad ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin; |
(d) |
an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, dul ar iontaoibh an Ombudsman Eorpaigh, agus dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus comhlachtaí comhairleacha an Aontais in aon cheann de theangacha na gConarthaí agus freagra a fháil sa teanga chéanna. |
Feidhmeofar na cearta sin faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a shainítear leis na Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh dá mbun.