7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/55


Airteagal 16

(sean-Airteagal 286 CCE)

1.   Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis a chosaint.

2.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha a leagan síos a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí an Aontais, agus ag na Ballstáit nuair a bheidh gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi rialú údaráis neamhspleácha.

Beidh na rialacha a ghlacfar ar bhonn an Airteagail seo gan dochar do na rialacha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 39 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.