7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/54 |
Airteagal 14
(sean-Airteagal 16 CCE)
Gan dochar d'Airteagal 4 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó d'Airteagail 93, 106 agus 107 den Chonradh seo, agus ag féachaint do thábhacht na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i measc luachanna comhpháirteacha an Aontais maille leis an ról atá acu i gcomhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chur ar aghaidh, féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige, gach ceann díobh laistigh dá chumhachtaí faoi seach agus laistigh de raon feidhme na gConarthaí, go n-oibreoidh seirbhísí den sórt sin ar bhonn prionsabail agus coinníollacha, go háirithe coinníollacha eacnamaíocha agus airgeadais, a chumasaíonn dóibh a gcúraimí a chomhall. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na prionsabail sin agus socróidh siad na coinníollacha sin, gan dochar d'inniúlacht na mBallstát, ar cothrom leis na Conarthaí, chun na seirbhísí sin a sholáthar, a choimisiúnú agus a chistiú.