7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/49


BROLLACH

TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, A MÓRGACHT RÍOGA ARD-BHANDIÚC LUCSAMBURG, A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE (1),

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU na fothaí a leagan síos d'aontas buandlúite idir pobail na hEorpa,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU ascnamh eacnamaíoch agus sóisialta a mBallstát a áirithiú le comhghníomhaíocht chun na bacainní a dhíchur atá ag deighilt na hEorpa,

Á DHEARBHÚ é a bheith de chuspóir bunúsach lena n-iarrachtaí dálaí maireachtála agus oibre a bpobal a shíorchur chun feabhais,

Á AITHINT DÓIBH go bhfuil gá, d'fhonn bacainní atá ann a aschur, le gníomhaíocht chomhbheartaithe chun forleathnú seasta, trádáil chothromúil agus iomaíocht chóir a urrú,

ÓS É A MIANGAS aontacht a ngeilleagar a neartú agus a bhforbairt chomhchuí a áirithiú trí laghdú a thabhairt ar na difríochtaí idir na réigiúin éagsúla agus ar mhallréim na réigiún nach bhfuil bail ar fónamh orthu,

ÓS MIAN LEO, de thoradh comhbheartais tráchtála, cuidiú chun srianta leis an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú go comhleanúnach,

LE hINTINN an dlúthpháirtíocht a dhaingniú a chónaisceann an Eoraip agus na tíortha thar lear agus d'fhonn forbairt ar a rathúnas a áirithiú de réir phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU tríd an gcomhthiomsú sin ar a n-acmhainní an tsíocháin agus an tsaoirse a chaomhnú agus a neartú agus á ghairm dóibh ar na pobail eile san Eoraip a pháirtíonn a mbarrshamhail luí isteach lena n-iarrachtaí,

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU forbairt an fheasa ar an leibhéal is airde i measc a bpobail a chur ar aghaidh trí rochtain fhorleathan a bheith ann ar oideachas agus tríd an bhfios sin a thabhairt suas chun dáta go leanúnach,

(liosta na lánchumhachtach gan atáirgeadh)


(1)  Tá Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Éire, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann tar éis teacht chun bheith ina mBallstáit den Aontas Eorpach ó shin.