GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/321


PRÓTACAL (Uimh. 36)

MAIDIR LE FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, d'fhonn an trasdul a eagrú ó fhorálacha institiúideacha na gConarthaí a bhí infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin go dtí na forálacha sa Chonradh sin, gur gá forálacha idirthréimhseacha a leagan síos,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal 1

Sa Phrótacal seo, ciallóidh "na Conarthaí" an Conradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

TEIDEAL I

FORÁLACHA A BHAINEANN LE PARLAIMINT NA hEORPA

Airteagal 2

1.   Don tréimhse sin den téarma parlaiminteach 2009-2014 atá fágtha an dáta a dtiocfaidh an tAirteagal seo i bhfeidhm, agus de mhaolú ar an dara mír d'Airteagal 189 agus ar Airteagal 190(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus ar an dara mír d'Airteagal 107 agus ar Airteagal 108(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a bhí i bhfeidhm tráth thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i Meitheamh 2009, agus de mhaolú ar líon na suíochán dá bhforáiltear leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfear na 18 suíochán seo a leanas leis na 736 shuíochán atá ann cheana, rud a fhágfaidh gur 754 líon iomlán chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa go sealadach go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh 2009-2014:

an Bhulgáir

1

an Spáinn

4

an Fhrainc

2

an Iodáil

1

an Laitvia

1

Málta

1

an Ísiltír

1

an Ostair

2

an Pholainn

1

an tSlóivéin

1

an tSualainn

2

an Ríocht Aontaithe

1

2.   De mhaolú ar Airteagal 14(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na daoine a líonfaidh na suíocháin bhreise dá dtagraítear i mír 1 a ainmniú i gcomhréir le reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann agus ar choinníoll gur trí vótáil chomhchoiteann dhíreach a toghadh na daoine a bheidh i gceist:

(a)

trí thoghcháin ad hoc le vótáil chomhchoiteann dhíreach sa Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na forálacha atá infheidhme maidir le toghcháin do Pharlaimint na hEorpa;

(b)

trí thagairt do thorthaí thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a bhí ann ón 4 Meitheamh go dtí an 7 Meitheamh 2009; nó

(c)

trí líon na gcomhaltaí is gá a bheith á ainmniú ag parlaimint náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, as measc a comhaltaí, i gcomhréir leis an nós imeachta a chinnfidh gach ceann de na Ballstáit sin.

3.   In am trátha roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa sa bhliain 2014, glacfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cinneadh lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa.

TEIDEAL II

FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN TROMLACH CÁILITHE

Airteagal 3

1.   I gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gabhfaidh éifeacht le forálacha na míre seo agus le forálacha Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir leis an tromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle a shainiú, an 1 Samhain 2014.

2.   Idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, nuair a bheidh gníomh le glacadh, féadfaidh comhalta den Chomhairle a iarraidh go nglacfar é tríd an tromlach cáilithe mar atá sé sainithe i mír 3. Sa chás sin, beidh feidhm ag míreanna 3 agus 4.

3.   Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, gan dochar don dara fomhír d'Airteagal 235(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Le haghaidh gníomhartha na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle nach foláir tromlach cáilithe dóibh, déanfar vótaí na gcomhaltaí a ualú mar a leanas:

An Bheilg

12

An Bhulgáir

10

Poblacht na Seice

12

An Danmhairg

7

An Ghearmáin

29

An Eastóin

4

Éire

7

An Ghréig

12

An Spáinn

27

An Fhrainc

29

An Chróit

7

An Iodáil

29

An Chipir

4

An Laitvia

4

An Liotuáin

7

Lucsamburg

4

An Ungáir

12

Málta

3

An Ísiltír

13

An Ostair

10

An Pholainn

27

An Phortaingéil

12

An Rómáin

14

An tSlóivéin

4

An tSlóvaic

7

An Fhionlainn

7

An tSualainn

10

An Ríocht Aontaithe

29

Glacfar gníomhartha má tá 260 vóta ar a laghad ina bhfabhar, ar líon é atá in ionannas le tromlach na gcomhaltaí nuair is gá faoi na Conarthaí iad a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún. I gcásanna eile glacfar cinntí má tá 260 vóta ar a laghad ina bhfabhar, ar líon é atá in ionannas le dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí.

Féadfaidh comhalta den Chomhairle Eorpach nó den Chomhairle a iarraidh, nuair a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach nó an Chomhairle gníomh trí thromlach cáilithe, go ndéanfar a fhíorú go bhfuil na Ballstáit a chomhdhéanann an tromlach cáilithe in ionannas le 62 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. Más amhlaidh nach mar sin atá, ní ghlacfar an gníomh.

4.   Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, más rud é, de bhun na gConarthaí, nach nglacfaidh comhaltaí uile na Comhairle páirt sa vótáil, is é sin sna cásanna ina dtagraítear don tromlach cáilithe mar atá sé sainithe in Airteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, saineofar an tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de na vótaí ualaithe agus an chionmhaireacht chéanna de chomhaltaí na Comhairle agus, más iomchuí, an céatadán céanna de dhaonra na mBallstát i dtrácht, agus atá leagtha síos i mír 3 den Airteagal seo.

TEIDEAL III

FORÁLACHA MAIDIR LE FOIRMÍOCHTAÍ NA COMHAIRLE

Airteagal 4

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle teacht le chéile sna foirmíochtaí arna leagan síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír sin agus sna foirmíochtaí eile atá ar an liosta arna bhunú le cinneadh ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta, ag gníomhú di trí thromlach simplí.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOIMISIÚN, LENA nÁIRÍTEAR ARDIONADAÍ AN AONTAIS DO GHNÓTHAÍ EACHTRACHA AGUS DON BHEARTAS SLÁNDÁLA

Airteagal 5

Na comhaltaí den Choimisiún a bheidh i seilbh oifige ar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, fanfaidh siad i seilbh oifige go dtí deireadh a dtéarma oifige. Ar a shon sin, an lá a gceapfar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, tiocfaidh deireadh le téarma oifige an chomhalta a bhfuil an náisiúntacht chéanna aige leis an Ardionadaí.

TEIDEAL V

FORÁLACHA A BHAINEANN LE hARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE, ARDIONADAÍ DON CHOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA, AGUS LE LEAS-ARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE

Airteagal 6

Tiocfaidh deireadh le téarma oifige Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don Chomhbheartas eachtrach agus slándála, agus le téarma oifige Leas-Ardrúnaí na Comhairle ar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm. Ceapfaidh an Chomhairle Ardrúnaí i gcomhréir le hAirteagal 240(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA A BHAINEANN LE COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA

Airteagal 7

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 301 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta:

An Bheilg

12

An Bhulgáir

12

Poblacht na Seice

12

An Danmhairg

9

An Ghearmáin

24

An Eastóin

7

Éire

9

An Ghréig

12

An Spáinn

21

An Fhrainc

24

An Chróit

9

An Iodáil

24

An Chipir

6

An Laitvia

7

An Liotuáin

9

Lucsamburg

6

An Ungáir

12

Málta

5

An Ísiltír

12

An Ostair

12

An Pholainn

21

An Phortaingéil

12

An Rómáin

15

An tSlóivéin

7

An tSlóvaic

9

An Fhionlainn

9

An tSualainn

12

An Ríocht Aontaithe

24

Airteagal 8

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 305 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí Choiste na Réigiún:

An Bheilg

12

An Bhulgáir

12

Poblacht na Seice

12

An Danmhairg

9

An Ghearmáin

24

An Eastóin

7

Éire

9

An Ghréig

12

An Spáinn

21

An Fhrainc

24

An Chróit

9

An Iodáil

24

An Chipir

6

An Laitvia

7

An Liotuáin

9

Lucsamburg

6

An Ungáir

12

Málta

5

An Ísiltír

12

An Ostair

12

An Pholainn

21

An Phortaingéil

12

An Rómáin

15

An tSlóivéin

7

An tSlóvaic

9

An Fhionlainn

9

An tSualainn

12

An Ríocht Aontaithe

24

TEIDEAL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA MAIDIR LEIS NA GNÍOMHARTHA ARNA nGLACADH AR BHONN THEIDIL V AGUS VI DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH ROIMH CHONRADH LIOSPÓIN A THEACHT I bhFEIDHM

Airteagal 9

Gníomhartha institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais arna nglacadh ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, déanfar a n-éifeachtaí dlíthiúla a chaomhnú go dtí go ndéanfar iad a aisghairm, a neamhniú nó a leasú de bhun na gConarthaí. Is mar an gcéanna a bheidh maidir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir Bhallstáit ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 10

1.   Mar bheart idirthréimhseach, agus maidir le gníomhartha an Aontais i dtaca le comhar póilíneachta agus le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta arna nglacadh sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, is iad seo a leanas na cumhachtaí a bheidh ag na hinstitiúidí ar an dáta a dtiocfaidh an Conradh sin i bhfeidhm: ní bheidh cumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme agus fanfaidh cumhachtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa leagan a bheidh i bhfeidhm sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, mar atá siad, lena n-áirítear i gcásanna inar glacadh iad faoi Airteagal 35(2) den Chonradh sin ar an Aontas Eorpach.

2.   Béarfaidh an leasú ar ghníomh dá dtagraítear i mír 1 infheidhmeacht chumhachtaí na n-institiúidí dá dtagraítear sa mhír sin mar a leagtar amach sna Conarthaí iad i dtaca leis an ngníomh leasaithe maidir leis na Ballstáit sin a mbeidh feidhm ag an ngníomh leasaithe maidir leo.

3.   Scoirfidh an beart idirthréimhseach dá dtagraítear i mír 1 d'éifeacht a bheith aige, ar scor ar bith, cúig bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm.

4.   Sé mhí, ar a dhéanaí, roimh dhul in éag na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt don Chomhairle nach nglacann sí, i ndáil leis na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1, le cumhachtaí na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1 mar a leagtar amach sna Conarthaí iad. Má bhíonn an fógra sin tugtha ag an Ríocht Aontaithe, scoirfidh na gníomhartha ar fad dá dtagraítear i mír 1 d'fheidhm a bheith acu maidir léi ón dáta a rachaidh an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 3 in éag. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na gníomhartha leasaithe atá infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe mar a luaitear i mír 2.

Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na socruithe iarmhartacha agus na socruithe idirthréimhseacha is gá. Ní bheidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an chinnidh seo. Saineofar tromlach cáilithe den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh freisin lena gcinnfear go n-iompróidh an Ríocht Aontaithe na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann dóibh, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de bharr gur scoir sí de bheith rannpháirteach sna gníomhartha sin.

5.   Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, tráth ar bith ina dhiaidh sin, fógra a thabhairt don Chomhairle á rá gur mian léi bheith rannpháirteach i ngníomhartha nach bhfuil infheidhme a thuilleadh maidir léi de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4. Sa chás sin, beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh nó ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, de réir mar a bheidh. Is iad na cumhachtaí a leagfar amach sna Conarthaí cumhachtaí na n-institiúidí i leith na ngníomhartha sin. Agus iad ag gníomhú faoi na Prótacail ábhartha, féachfaidh institiúidí an Aontais agus an Ríocht Aontaithe lena oiread rannpháirtíochta agus is féidir ón Ríocht Aontaithe in acquis an Aontais a athbhunú i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais gan éifeacht thromchúiseach a bheith aige sin ar inoibritheacht phraiticiúil na gcodanna éagsúla de, ag urramú a gcomhchuibhis dóibh.