GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/318


PRÓTACAL (Uimh. 33)

MAIDIR LE hAIRTEAGAL 157 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Chun críocha chur chun feidhme Airteagal 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní mheasfar mar phá sochair de bhun córas gairmiúil slándála sóisialta más féidir agus a mhéad is féidir iad a chur i leith tréimhsí fostaíochta roimh an 17 Bealtaine 1990, amach ó chás oibrithe nó a gcleithiúnaithe a bheidh tar éis caingean nó éileamh is comhionann léi a thionscnamh roimh an dáta sin de réir an dlí náisiúnta is infheidhme.