GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/307


PRÓTACAL (Uimh. 26)

MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ LEASA GHINEARÁLTA

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO béim a leagan ar thábhacht seirbhísí leasa ghinearálta,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha léirithe seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Cuimsíonn comhluachanna an Aontais maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta, de réir bhrí Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an méid seo a leanas go háirithe:

an ról riachtanach agus an rogha leathan atá ag na húdaráis náisiúnta, ag na húdaráis réigiúnacha agus ag na húdaráis áitiúla maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta a sholáthar, a chur á n úsáid agus a eagrú ar bhealach a fhreagraíonn a oiread agus is féidir do riachtanais na n úsáideoirí;

éagsúlacht na seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta agus na difríochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann idir riachtanais na n úsáideoirí agus idir a roghanna de bharr staideanna geografacha, staideanna sóisialta nó staideanna cultúrtha éagsúla;

leibhéal ard cáilíochta, sábháilteachta agus incheannaitheachta, an chóir chomhionann agus rochtain do chách agus cearta úsáideoirí a chur chun cinn.

Airteagal 2

Ní dhéanfaidh forálacha na gConarthaí difear ar dhóigh ar bith d'inniúlacht na mBallstát maidir le seirbhísí leasa ghinearálta nach den gheilleagar iad a sholáthar, a chur á n-úsáid agus a eagrú.