GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/306


PRÓTACAL (Uimh. 25)

MAIDIR LE hINNIÚLACHTAÍ ROINNTE A FHEIDHMIÚ

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal aonair

Maidir le hAirteagal 2(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le hinniúlachtaí roinnte, i gcás ina nglacfaidh an tAontas beart i réimse áirithe, ní chumhdóidh raon feidhme fheidhmiú na hinniúlachta sin ach na gnéithe a rialaítear leis an ngníomh sin de chuid an Aontais atá i gceist agus ní chumhdóidh sé dá bhrí sin an réimse go léir.