|
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/303 |
PRÓTACAL (Uimh. 23)
MAIDIR LE CAIDREAMH EACHTRACH NA mBALLSTÁTI dTACA LE TEORAINNEACHA SEACHTRACHA A THRASNÚ
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AGUS AIRD Á TABHAIRT ACU ar a riachtanaí atá sé do na Ballstáit rialuithe éifeachtúla ag a dteorainneacha seachtracha a áirithiú, i gcomhar le tríú tíortha nuair is iomchuí,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Beidh na forálacha ar na bearta maidir le teorainneacha seachtracha a thrasnú atá in Airteagal 77(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gan dochar d'inniúlacht na mBallstát comhaontuithe a chaibidil nó a thabhairt i gcrích le tríú tíortha fad a dhéanfaidh siad dlí an Aontais agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile a urramú.