GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/283


PRÓTACAL (Uimh. 14)

MAIDIR LEIS AN nGRÚPA EURO

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO dálaí a chur chun cinn d'fhás eacnamaíoch níos láidre san Aontas Eorpach agus, chuige sin, comhordú níos buandlúithe na mbeartas eacnamaíoch sa limistéar euro a fhorbairt,

ÓS FEASACH DÓIBH an gá atá ann forálacha speisialta a leagan síos d'agallamh feabhsaithe idir na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, go dtí go dtiocfaidh an euro chun bheith ina airgeadra do Bhallstáit uile an Aontais,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Tiocfaidh Airí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu le chéile go neamhfhoirmiúil. Beidh na cruinnithe sin ann, nuair is gá, chun ceisteanna a phlé a bhaineann leis na freagrachtaí sonracha atá á roinnt acu maidir leis an airgeadra aonair. Glacfaidh an Coimisiún páirt sna cruinnithe sin. Tabharfar cuireadh don Bhanc Ceannais Eorpach páirt a ghlacadh sna cruinnithe sin a ullmhóidh ionadaithe Airí sin na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu atá freagrach as cúrsaí airgeadais agus ionadaí an Choimisiúin.

Airteagal 2

Toghfaidh Airí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu uachtarán go ceann dhá bhliain go leith, trí thromlach na mBallstát sin.