GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/273


PRÓTACAL (Uimh. 8)

A BHAINEANN LE hAIRTEAGAL 6(2) DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH MAIDIR LEIS AN AONTAS A AONTÚ DON CHOINBHINSIÚN EORPACH CHUN CEARTA AN DUINE AGUS SAOIRSÍ BUNÚSACHA A CHOSAINT

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Forálfar sa chomhaontú a bhaineann leis an Aontas aontú don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (dá ngairtear "an Coinbhinsiún Eorpach" anseo feasta) dá bhforáiltear in Airteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go ndéanfar sainairíonna an Aontais agus dhlí an Aontais a chaomhnú, go háirithe maidir leis:

(a)

na socruithe speisialta le haghaidh rannpháirtíocht ionchasach an Aontais i gcomhlachtaí rialaithe an Choinbhinsiúin Eorpaigh;

(b)

na sásraí is gá chun a áirithiú go ndéanfar imeachtaí arna dtabhairt ag Stáit nach Ballstáit iad agus iarratais leithleacha a dhíriú i gceart chuig na Ballstáit agus/nó an Aontas, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 2

Áiritheoidh an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1 nach ndéanfaidh aontachas an Aontais difear d'inniúlachtaí an Aontais ná do chumhachtaí a chuid institiúidí. Áiritheoidh sé nach ndéanfaidh aon ní ann difear do staid na mBallstát i ndáil leis an gCoinbhinsiún Eorpach, go háirithe i ndáil leis na Prótacail atá i gceangal leis, le bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de mhaolú ar an gCoinbhinsiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 15 de agus le forchoimeádais arna ndéanamh ag na Ballstáit maidir leis an gCoinbhinsiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 57 de.

Airteagal 3

Ní dhéanfaidh aon ní sa chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1 difear d'Airteagal 344 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.